an tuarascáil Ghaeilge

Ag baint leas as an spéis dhomhanda sa Ghaeilge

“The quiet recovery of Ireland’s Ancient Tongue.” Sin mar a chuir an iris The Economist síos ar an bhfás suntasach atá tagtha ar an spéis sa Ghaeilge i mí Aibreán 2026, scríobhann Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

This piece was in also avalible in English. Please click here to access the English version.

Agus an fás sin ag teacht le breis agus 40 bhliain d’obair Údarás na Gaeltachta, tá deis ar leith ann anois don teanga agus do phobail na Gaeltachta i réimsí éagsúla.

1,873,997: sin an líon daoine in Éirinn a dúirt i nDaonáireamh 2022 go raibh ar a gcumas Gaeilge a labhairt. Le foilsiú Phlean Gníomhaíochta an Rialtais do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 i mí Eanáir 2026, tá bunús láidir ann anois chun freastal ar riachtanais na gcainteoirí sin, agus tá réigiúin na Gaeltachta ar na háiteanna is fearr chun é sin a dhéanamh.

Den dara bhliain as a chéile, tá díolacháin na gcliantchomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i ndiaidh an marc €1 billiún a shárú. B’ionann a gcaiteachas i ngeilleagar na hÉireann agus €570 milliún, tairbhe shuntasach don gheilleagar náisiúnta.

Cruthaíodh 681 post nua sna comhlachtaí sin in 2025, rud a d’fhág go raibh 9,716 duine fostaithe ar fud na Gaeltachta i seacht gcontae; figiúr cobhsaí ón mbliain roimhe. Is é an bonn seo a ligeann do theaghlaigh socrú síos agus an chéad ghlúin eile a thógáil sa Ghaeltacht, áit a bhfuil tacaíochtaí ar fáil dóibh siúd a úsáideann an Ghaeilge mar theanga phobail.
Lean an obair tacaíochta ar aghaidh i rith na bliana faoin gCiste Forbartha Pobail agus Teanga agus faoin gCiste Eagraíochtaí Forbartha Pobail in 2025 (€7.8 milliún). Trí Údarás na Gaeltachta, cuirfidh maoiniú ó Roinn na Gaeltachta na 28 bPlean Teanga agus na 33 Oifigeach Pleanála Teanga ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh, le buiséad €3.9 milliún curtha ar fáil don obair i mbliana.

Tá 436 duine ag obair laistigh den líonra gteic, atá comhdhéanta de 29 mol digiteach ar fud na Gaeltachta, agus gteic@Toraigh, agus gteic@Baile na Finne le hoscailt go luath. Seoladh an Scéim Forbartha Gaeilge do chliantchomhlachtaí le linn 2025, agus tá 15 chomhlacht cláraithe sa scéim, le 1,139 fostaí eatarthu.

Is sampla maith é forbairt uirlisí Gaeilge trí intleacht shaorga (AI) den áit a dtagann na cuspóirí seo le chéile. Ag comhdháil le déanaí ar an AI agus ar theangacha neamhfhorleathana a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta agus Consalacht na hÉireann in San Francisco, ba léir teachtaireacht amháin thar aon ní eile: tá AI ag cinneadh cheana féin cé na teangacha a bheidh faoi bhláth sa ré dhigiteach agus cé na cinn a fhágfar ar gcúl. Tá an Ghaeilge, mar theanga oifigiúil an Stáit agus an Aontais Eorpaigh araon, i suíomh maith chun a bheith ar na teangacha a éireoidh leo.

Chun an t-éileamh sin a shásamh, tá Údarás na Gaeltachta ag obair le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; Ollscoil na Gaillimhe; agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun uirlisí agus modhanna a fhorbairt le AI agus le teicneolaíochtaí eile chun seachadadh seirbhísí poiblí a fheabhsú agus chun acmhainneacht a mhéadú chuige sin.

Léiríonn taighde a rinne Údarás na Gaeltachta gur mian le hoibrithe óga oilte fanacht sna ceantair Ghaeltachta nó bogadh chucu ar fud na seacht gcontae Gaeltachta: Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, Corcaigh, Port Láirge, agus an Mhí.

Cosúil le háiteanna eile, is dúshlán é an tithíocht, le cúig oiread an mheáin náisiúnta de thithe saoire i gceantair Ghaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta, tríd an CCMA, ag obair i gcomhar le húdaráis áitiúla chun soláthar tithíochta a fheabhsú trí chomhúsáid talún agus bonneagar uisce, chomh maith le maoiniú a chur ar fáil do chomhordaitheoir ar thithe folmha sa Ghaeltacht i gComhairle Contae Mhaigh Eo chun idirchaidreamh agus comhordú a dhéanamh le gach údarás áitiúil.

“Tá AI ag cinneadh cheana féin cé na teangacha a bheidh faoi bhláth sa ré dhigiteach agus cé na cinn a fhágfar ar gcúl.”

Caitheadh os cionn €18 milliún ar oibreacha riachtanacha agus forbartha ar phunann maoine an Údaráis. Bhí tograí mórscála san áireamh, ar nós uasghrádú Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall, Ionad Pobail Mhaigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, agus Campas Íosagáin i gContae Chorcaí.

Rinneadh obair mhór deartha agus pleanála ar thograí eile le linn 2025 fosta: Ionad Fiontraíochta na nDéise, Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán, agus an Lárionad Mara nua i gCarna. Fógraíodh infheistíocht €4 milliún d’ionaid chuairteoirí ar Oileáin Árann agus ar Oileán Chléire.

Bronnadh stádas Geopháirc Domhanda UNESCO ar Gheopháirc Dúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair, an chéad ainmniúchán dá leithéid in Éirinn a chuimsíonn ceantar Gaeltachta.

Tá earnáil na léiriúcháin closamhairc thar a bheith tábhachtach sa chomhthéacs seo, mar go n-ardaíonn sí próifíl phobal na Gaeltachta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Le linn 2025, cruthaíodh 460 post breise san earnáil seo (100 lánaimseartha, 360 páirtaimseartha); ranníocaíocht ar fiú €4 milliún do cheantair Ghaeltachta í i mbliana, agus de réir thaighde an Údaráis, is í an earnáil is mó ina n-úsáidtear an Ghaeilge mar theanga oibre.

Idir theicneolaíocht, oideachas, tithíocht, agus fiontar, tá an fhianaise go léir ag díriú sa treo céanna. Leis na cinntí agus na tacaíochtaí cearta, is féidir leis an nGaeilge bláthú ar ardáin dhigiteacha, i seomraí ranga, i moil chomhoibre, agus thar aon áit eile, sa Ghaeltacht, áit a bhfuil glúin nua i ndiaidh cinneadh a dhéanamh go mbeidh an Ghaeilge beo bríomhar agus go bhfanfaidh an nasc gan bhriseadh atá ag dul siar na mílte bliain.

Tá an fuinneamh fíor. Tapaigh an deis anois.

An Taoiseach Micheál Martin TD ag oscailt Campas Íosagáin go hoifigiúil i mBaile Bhuirne, Contae Chorcaí.

Líonra digiteach gteic na Gaeltachta

Is líonra straitéiseach mol digiteach é líonra gteic, a d’fhorbair Údarás na Gaeltachta, a thacaíonn leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach araon.

Le 30 mol comhoibre ar fud réigiúin na Gaeltachta, cuireann sé spás oibre solúbtha ar fáil do chianoibrithe, d’fhiontraithe, do ghnólachtaí, agus d’eagraíochtaí poiblí atá ag lorg bealaí oibre níos inbhuanaithe agus níos réigiúnaí.

Trí áiseanna ar nós gteic@Campas Íosagáin i mBaile Bhuirne, Contae Chorcaí agus gteic@Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall, is féidir le fostaithe obair gar dá bpobail féin agus rochtain a fháil ar bhonneagar digiteach den scoth ag an am céanna.

Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta le hAire na Gaeltachta Dara Calleary TD agus Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag seoladh Ráiteas Deireadh Bliana an Údaráis.

Ach ní spásanna oibre amháin atá iontu. Feidhmíonn na moil mar thimpeallachtaí dinimiciúla comhoibrithe fosta. Tá siad oiriúnach go háirithe do chruinnithe foirne, laethanta straitéise, ceardlanna, agus imeachtaí gairmiúla corparáideacha.
Ag gteic@Campas Íosagáin, leagtar béim ar leith ar oiliúint, oideachas, agus líonrú, rud a chiallaíonn gur ionad rannpháirtíochta é don earnáil phoiblí, phríobháideach, agus oideachais i réimsí ar nós AI, cibearshlándáil, agus na Gaeilge.

Tá i bhfad níos mó i gceist le líonra gteic ná spásanna oibre a chur ar fáil. Is éiceachóras náisiúnta é a nascann pobail le chéile, a thacaíonn le hinbhuanaitheacht, agus a chuireann bonn faoi thodhchaí na hoibre sa Ghaeltacht.

Trí dheis a thabhairt do ghairmithe, do chéimithe, agus d’eagraíochtaí lonnú i gceantair Ghaeilge, cinntíonn sé go mbeidh an Ghaeltacht lárnach i dtírdhreach digiteach agus earnála poiblí na hÉireann.

Fonn foghlama

Léiríonn mórstaidéar náisiúnta a rinne Amárach Research i gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus le Gaelchultúr i mí na Nollag 2025 go ndeir 68 faoin gcéad de dhaoine fásta gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. I measc daoine faoi 35 bliain d’aois, ardaíonn an figiúr sin go 73 faoin gcéad.

Ní mianta teibí iad seo. Nuair a sheol an tÚdarás sraith cúrsaí Gaeilge 12 sheachtain le creidiúnú QQI le déanaí, i gcomhar le MSLETB agus arna seachadadh ag Gaelchultúr, dírithe go sonrach ar dhaoine atá ag obair, léirigh beagnach 700 duine spéis agus chláraigh 60 díobh.

Tá rath scannáin ar nós An Cailín Ciúin agus ceoltóirí ar nós Kneecap tar éis an Ghaeilge a chur os comhair lucht féachana nua, ag cothú bróid nach bhfacthas le glúnta. Tá gaelscoileanna ag saothrú cainteoirí líofa óga a bhfuil sé de cheart acu, dar leo féin, an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil.

Rónán Mac Con Iomaire, Údarás na Gaeltachta; Tomás Ó Síocháin, Údarás na Gaeltachta; an tAire Jack Chambers TD; agus agus Ruairí Ó Néill, Údarás na Gaeltachta.

“Leis na cinntí agus na tacaíochtaí cearta, is féidir leis an nGaeilge bláthú.”

Tá ardáin dhigiteacha tar éis doirse a oscailt d’fhoghlaimeoirí nach raibh aon bhealach isteach acu roimhe seo, daoine nua go hÉirinn san áireamh. Agus tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ag normalú na Gaeilge i gcumarsáid na hearnála poiblí de réir a chéile.

Sin sa bhreis ar na Limistéir Pleanála Teanga agus ar líonra na nOifigeach Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta atá ag tacú le húsáid na Gaeilge mar theanga bheo i dtithe, i bpobail, agus i ngnólachtaí.

Tá daoine óga fásta i gcroílár an scéil seo. Tá os cionn leath na ndaoine faoi 35 bliain d’aois ag úsáid na Gaeilge cheana féin i suíomh amháin ar a laghad, agus ba mhaith le 73 faoin gcéad de dhaoine idir 18 agus 24 bliain d’aois an Ghaeilge a fheiceáil á húsáid níos minice ag gnólachtaí agus eagraíochtaí poiblí. Méadú ar an 48 faoin gcéad a tuairiscíodh don aoisghrúpa céanna in 2024.

Aontaíonn 93 faoin gcéad de dhaoine faoi 25 bliain d’aois go mbíonn tionchar dearfach ag ealaíontóirí agus pearsana poiblí a úsáideann an Ghaeilge ar dhearcadh an phobail i leith na teanga.

Tá an cohórt céanna ag smaoineamh ar an gcéad ghlúin eile fosta. Deir 45 faoin gcéad de dhaoine fásta faoi 44 bliain d’aois go roghnódh siad oideachas trí mheán na Gaeilge dá gcuid páistí dá mbeadh sé ar fáil go háitiúil.

Tá an t-éileamh ann. Is é an tosaíocht anois ná a chinntiú go bhfuil na deiseanna agus na tacaíochtaí i bhfeidhm chun freastal air. Cláraigh do spéis i ranganna Gaeilge nó cuir in iúl cé na seirbhísí Gaeilge atá de dhíth ort ag udaras.ie.

Intleacht shaorga agus an Ghaeilge

Tá an intleacht shaorga (AI) ag athrú na dóighe a n-oibríonn daoine, a fhoghlaimíonn siad, agus a ndéanann siad cumarsáid, agus tá uirlisí AI don Ghaeilge go mór chun tosaigh i bplean an Rialtais chun seirbhísí Gaeilge don phobal a neartú, d’fhonn a chinntiú go mbeidh an teanga lárnach agus feidhmiúil sa ré theicneolaíoch atá romhainn.

Is togra é IS na Gaeilge, faoi stiúir Údarás na Gaeltachta, a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go gcoinníonn an Ghaeilge céim le teangacha eile sa ré dhigiteach, agus freastal ar an éileamh méadaitheach ar sheirbhísí agus ar uirlisí Gaeilge.

Le blianta beaga anuas, tá comhpháirtíochtaí dlútha tógtha ag an Údarás le comhoibrithe acadúla agus tionsclaíocha, ABAIR i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil na Gaillimhe, agus Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina measc.

Le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta, cumhdaíonn an obair seo sintéis chainte, forbairt corpas, agus fréamhshamhlú uirlisí nua. Ligeann na huirlisí seo do bhotaí comhrá Gaeilge a bheith ag feidhmiú ar bhunachair sonraí atá ann cheana, aipeanna léitheoireachta gréasáin as Gaeilge, fotheidealú beo, agus treochlár bainistíochta sonraí chun AI a úsáid ar bhealach sábháilte struchtúrtha.

I mí Aibreáin 2026, d’fhoilsigh an tÚdarás agus EY tuarascáil cheannródaíoch, IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara, a d’aithin na bearnaí is práinní atá ag cur isteach ar an nGaeilge san earnáil phoiblí agus a leag amach treochlár praiticiúil chun dul i ngleic leo.

Ach ní leor forbairtí teicneolaíochta leo féin. Tá an tÚdarás dírithe ar scileanna AI a fhorbairt laistigh de phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta fosta, agus ar dheiseanna fiontraíochta a chothú, ionas go mbeidh na pobail seo ina rannpháirtithe iomlána san athrú atá le teacht. Ní mar úsáideoirí deiridh amháin, ach mar nuálaithe agus ceannairí.

Tá an teachtaireacht atá ag croílár an togra seo simplí: is teanga bheo nua-aimseartha í an Ghaeilge, le breis agus 1.8 milliún cainteoir mar a aithníodh i nDaonáireamh 2022, agus tá gach cúis ann a chreidiúint go mbeidh sí faoi bhláth i dtodhchaí dhigiteach na hÉireann. Tá an obair ar siúl cheana féin. An rud atá tábhachtach anois ná an bonneagar a dhaingniú agus a chinntiú nach gcailltear an deis atá os ár gcomhair.

www.udaras.ie

Show More
Back to top button