an tuarascáil Ghaeilge

I dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach

Mar a léiríonn tuarascáil nua, bunaíodh Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge i mí Mheitheamh 2022 agus foilsíodh An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 i mí na Nollag 2024 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla idir 2022 agus 2024.

Deir Cur i bhFeidhm Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021, a d’fhoilsigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) i mí Dheireadh Fómhair 2025, go dtugann an Plean Náisiúnta “treochlár ar fáil do chomhlachtaí poiblí chun cuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhaint amach”.

Is iad na cuspóirí atá ann ná a chinntiú go mbeidh dóthain foirne le hinniúlacht i nGaeilge i gcomhlachtaí poiblí, agus seirbhísí poiblí Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú; go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an Achta:

  • go mbeidh ar a laghad 20 faoin gcéad d’earcaigh i gcomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi dheireadh 2030;
  • go mbeidh seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge;
  • go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge;
  • go mbunófaí Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge agus go bhforbrófar Plean Náisúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge; agus
  • go dtabharfaí isteach córas caighdeán teanga in áit chóras na scéimeanna teanga.

Cuireann an Plean Náisiúnta béim ar uasoiliúint teanga fhoireann reatha na gcomhlachtaí poiblí agus ar earcaíocht de chainteoirí Gaeilge ón taobh amuigh. Tacaíonn sin leis an sprioc earcaíochta 20 faoin gcéad. Deir an tuarascáil: “Tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag glacadh páirte i gcúrsaí oiliúna Gaeilge san earnáil phoiblí le blianta beaga anuas.”

“Cinnteoidh an obair seo ar fad atá déanta go bhfuil bunús láidir anois faoin éiceachóras atá muid ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht.”

An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary TD

Tá dhá phlean gníomhaíochta le foilsiú i dtacaíocht leis an bPlean Náisiúnta. Bhí sé mar aidhm an chéad phlean gníomhaíochta a fhoilsiú in 2025 le haghaidh na tréimhse ó 2025 go 2027. Foilsíodh an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge do thréimhse 2026-2028 i mí Eanáir 2026, áfach.

Chomh maith lena bheith freagrach as foilsiú an Plean Náisiúnta, tugann an coiste comhairle do chomhlachtaí poiblí i dtaca leis an gcaoi a bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn siad trí Ghaeilge a sholáthar amhlaidh. Tá sé mar dhualgas ar an gcoiste suirbhé a ullmhú gach cúig bliana maidir leis an leibhéal inniúlachta Gaeilge atá ag foireann comhlachtaí poiblí.

An fhoráil fógraíochta agus cúrsaí Gaeilge

Faoin Acht, seoladh foráil fógraíochta i mí Dheireadh Fómhair 2022. Bronnann sí dualgas ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 20 faoin gcéad dá bhfógraíocht bhliantiúil a dhéanamh i nGaeilge agus ar a laghad 5 faoin gcéad dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht trí Ghaeilge sna meáin Ghaeilge.

Deir an tuarascáil: “Is foráil thar a bheith dearfach é a mhéadaigh infheictheacht na teanga ar fud na n-ardán meán ar fad a úsáideann comhlachtaí poiblí.”

Tá foráil ar chúrsaí Gaeilge ceangailte leis an sprioc earcaíochta 20 faoin gcéad. Bunaíodh Gréasán Gaeilge i mí Iúil 2024 chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine san earnáil phoiblí a nGaeilge a úsáid.

Tá comhaontú seirbhíse i bhfeidhm ag an RFTPG agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe agus Digitithe na Seirbhíse Poiblí oiliúint Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don státseirbhís. Cuirtear an tseirbhís ar fáil trí OneLearning, an t-aonad foghlama agus forbartha don státseirbhís.

Córas caighdeán teanga

Faoin Acht, tá sé mar chuspóir córas caighdeán teanga a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Sin chun soláthar a dhéanamh ar chaighdeán níos airde in earnálacha a bhfuil níos mó idirghníomhaíochta acu leis an bpobal; go háirithe sna Limistéir Phleanála Teanga, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, agus i Líonraí Gaeilge.

Tá an sprioc seo a leanas leagtha amach sa tuarascáil: “Socróidh an tAire dátaí faoina bhfeidhmeoidh oifigí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPTG) trí Ghaeilge, agus faoina gcuirfear seirbhísí poiblí in LPTanna agus do LPTanna ar fáil trí Ghaeilge.”

Deir an tuarascáil go bhfuil an córas caighdeán teanga “riachtanach chun seirbhísí Gaeilge ar ard-chaighdeán a chur ar fáil”, agus go bhfuil “obair ar na caighdeáin seo a fhorbairt á tabhairt chun críche”.

Bhí sé mar aidhm an chéad chomhairliúchan ar na caighdeáin teanga a dhéanamh go luath in 2025, agus deir an tuarascáil go ndearnadh an comhairliúchán in Earrach 2025, ach ní dhearnadh go fóill é.

Deir an tAire Dara Calleary TD: “Tá roinnt struchtúir nua bunaithe agus caidrimh nua cothaithe trasna na hearnála poiblí; rud atá le léiriú tríd an tuarascáil. Cinnteoidh an obair seo ar fad atá déanta go bhfuil bunús láidir anois faoin éiceachóras atá muid ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht.”

I rith díospóireachta Dála i mí Bealtaine 2026, dúirt Aengus Ó Snodaigh TD, urlabhraí don Ghaeilge le Sinn Féin: “Tá 23 bliain imithe ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar dtús. Tá muid anois cúig bliana ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

“Tá muid anois ag fanacht leis na caighdeáin. Is é sin atá an tAire tar éis a rá. Tá an plean gníomhaíochta ann, ach níl aon spriocanna ann. Cén uair go díreach a bheidh pobal na Gaeltachta in ann na seirbhísí sin a fháil trí Ghaeilge?”

Show More
Back to top button