Ní neart go cur le chéile
Toradh an-dearfach ar reachtaíocht teanga nua is ea an méadú suntasach atá tagtha ar an bhfógraíocht a dhéanann comhlachtaí poiblí i nGaeilge. In achar gearr ama, tá an méadú ollmhór ar fhógraíocht i nGaeilge tar éis cur go mór mór le hinfheictheacht na teanga ar fud na meán éagsúil, rud atá ag cur go mór lena bisiúlacht agus lena húsáid laethúil.
This piece was in also avalible in English. Please click here to access the English version.
Tugtar stádas speisialta don Ghaeilge faoi Bhunreacht na hÉireann 1937 ina luaitear: “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.”
Bronnann an Bunreacht ceart ar shaoránaigh caidreamh a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge amháin más é sin is áil leo.
Ba mhinic, áfach, a theip ar an Stát go praiticiúil soláthar leordhóthanach a dhéanamh chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil i nGaeilge, agus i gcásanna áirithe, ba bheag rogha a bhí ag baill an phobail ach dul i muinín na gcúirteanna chun a gceart bunreachtúil i ndáil le teacht ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge a fhíorú.
Thuig Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile an gá a bhí le creat reachtúil uileghabhálach a mhéadódh an teacht ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus a d’fheabhsódh caighdeán na seirbhísí sin ar bhealach córasach. Ba é Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur an creat sin ar fáil, ach ar leagadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí áirithe a sholáthar i nGaeilge.
Bunaíodh róil an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht 2003 freisin. Is comhlacht reachtúil neamhspleách í an oifig, a bhfuil dhá ról aici, is iad sin ról ombudsman agus ról gníomhaireachta monatóireachta comhlíontachta araon.
Ar cheann de phríomhchúraim m’oifige, tá an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta teanga agus treoir a thabhairt don 500 comhlacht poiblí a chuimsítear sa reachtaíocht maidir lena ndualgais faoin Acht.
Leasaíodh Acht 2003 le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus treisíodh cearta teanga phobal na Gaeilge a thuilleadh ach dualgas a leagan ar chomhlachtaí poiblí níos mó seirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge.
Toradh an-dearfach ar reachtaíocht leasaithe na gceart teanga 2021 is ea an méadú suntasach a tháining ar an bhfógraíocht a dhéanann comhlachtaí poiblí i nGaeilge mar thoradh ar fhoráil an Achta leasaithe. Tugann torthaí iniúchta na tuarascála a d’fhoilsigh m’oifig le déanaí le fios gur chaith comhlachtaí poiblí €19 milliún ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024.
Chuir foráil na fógraíochta, in achar réasúnta gearr ama, go mór le hinfheictheacht na Gaeilge ar fud na meán éagsúil, rud atá ag cur go mór le bisiúlacht agus le húsáid laethúil na teanga.
Cur chuige náisiúnta
Sheol an Rialtas an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i stair an Stáit i mí Dheireadh Fómhair 2024. Cloch mhíle an-tábhachtach ba ea í atá le moladh. Is é príomhaidhm an phlean conair shoiléir a leagan amach don earnáil phoiblí in Éirinn d’fhonn acmhainn a thógáil chun feabhas suntasach a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge.
Is beart ríthábhachtach é an mhaoirseacht, an mhonatóireacht, agus an tuairisciú leanúnach atá an coiste comhairleach a bhunaigh an rialtas a dhéanamh ar fheidhmiú an Phlean Náisiúnta, arb é is cúram don choiste sin an plean sin a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm.
Beidh dhá bhunchloch ina mbonn agus ina dtacaí leis an bPlean Náisiúnta. Ar an gcéad dul síos, tá an fhoráil reachtúil go mbeidh 20 faoin gcéad den fhoireann a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí inniúil i nGaeilge.
Is í an dara bunchloch acu córas na gcaighdeán teanga, a leagfaidh amach na seirbhísí a bheidh ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar i nGaeilge, agus an leibhéal inniúlachta i nGaeilge a chaithfidh a bheith ag an bhfoireann a bheidh ag soláthar na seirbhísí sin.
Mór-easnaimh reatha
Léiríonn líon agus cineál na ngearán a fhaigheann m’oifig bliain i ndiaidh bliana gurb é tuairim phobal na Gaeilge nach bhfuil an Stáit ag cur seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge atá comhionann leis na seirbhísí sin i mBéarla.
Baineann líon suntasach de na gearáin a fhaigheann m’oifig gach bliain leis an easpa bunseirbhísí poiblí i nGaeilge, amhail tacaíocht do chustaiméirí agus seirbhísí ar líne, agus tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt air seo chun feabhas a chur ar sholáthar Gaeilge na hearnála poiblí.
Cé go bhfuil níos mó seirbhísí poiblí le fáil ar líne agus an líon sin ag dul i méad go gasta, tá caighdeán na seirbhísí i nGaeilge go mór chun deiridh ar chaighdeán na seirbhísí i mBéarla.
Sin gan trácht ar an ngá atá le dóthain foirne atá inniúil i nGaeilge a bheith ag obair sa tseirbhís phoiblí, cuir i gcás in earnálacha an oideachais, an rialtais áitiúil, na sláinte, agus na póilíneachta, d’fhonn seirbhísí a chur ar fáil sa teanga is rogha le muintir na Gaeltachta agus le pobal na Gaeilge go náisiúnta.
Léiríonn na heasnaimh sna seirbhísí poiblí reatha an géarghá atá ann córas nua na gcaighdeán teanga a leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a chur i bhfeidhm.
Leagann Creat Claochlaithe na Seirbhíse Poiblí 2023-2030 de chuid Rialtas na hÉireann béim ar phrionsabail na macántachta, na cothroime, na hoscailteachta, na freagrachta, agus na hiontaofachta maidir le seirbhísí poiblí a fheabhsú.
Aithníonn an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta na prionsabail seo ina bprionsabail atá ríthábhachtach chun muinín a chothú, foghlaim ó dhea-chleachtais idirnáisiúnta, agus tagarmharcáil a dhéanamh i gcoinne caighdeán domhanda i ndáil le seirbhísí poiblí a fheabhsú.
Is den tábhacht iad na prionsabail seo freisin chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus caithfear iad a neadú i bpleanáil seirbhísí poiblí lena chinntiú go bhfreastalófar ar riachtanais reatha na gcainteoirí Gaeilge.
De bharr scála agus ilghnéitheacht na seirbhíse poiblí, beidh gá le tionscnamh náisiúnta in earnáil na hollscolaíochta chun dóthain céimithe atá inniúil i nGaeilge a sholáthar ar fud disciplíní éagsúla, rud a chinnteoidh go n-éireoidh leis an soláthar 20 faoin gcéad d’earcaithe atá inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
Beidh géarghá le sruth leanúnach céimithe sna hearnálacha seo a leanas: riarachán agus beartas poiblí; rialachas corparáideach; bainistíocht eagraíochtúil; pleanáil teanga; pleanáil straitéiseach; oiliúint múinteoirí bunscoile agus Iar-bhunscoile; agus oideachas do ghairmithe cúraim shláinte.
Is gné bhunúsach de chearta an duine ar fud an domhain iad cearta teanga, rud a chuireann ar chumas pobal teanga cumarsáid a dhéanamh leis an Stát ina rogha teanga.
Measaim go bhfuil cearta teanga riachtanach dár n-iarrachtaí chun an Ghaeilge a chothú ina teanga nua-aimseartha, bhríomhar, chuimsitheach a thaispeánann éagsúlacht agus saibhreas shochaí, fhéiniúlacht agus chultúr na hÉireann.
Mar fhocal scoir, tugaim cuireadh ó chroí d’aon léitheoir ar dóigh leis nó léi gur féidir le m’oifig cuidiú leis nó léi teagmháil a dhéanamh linn.
Ní neart go cur le chéile.






