Plean Gníomhaíochta Gaeilge nua idir lámha ag Coimisiún na Meán
Bunaíodh Coimisiún na Meán in 2023 agus is é an ghníomhaireacht a rialálann agus a fhorbraíonn earnáil na meán in Éirinn, scríobhann Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún na Meán.
Tá foireann an eagrais méadaithe ó 40 ball foirne nuair a bunaíodh é go breis is 300 duine agus táimid tar éis cur lenár n-acmhainní chun feidhmeanna uile na heagraíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear forbairt na meán, polasaí, agus ceadúnú agus rialú craolacháin agus físeáin ar éileamh.
Ceann dár gcuid príomhfhreagrachtaí ná tacú le hearnáil na meán in Éirinn, agus cabhrú léi ábhar a fhorbairt a léiríonn agus a mhúnlaíonn sochaí na hÉireann.
Tá an Coimisiún tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge agus do thacú le soláthar ábhar Gaeilge i ngach réimse de na meáin. Trí cheadúnú, maoiniú spriocdhírithe, agus tionscadail forbartha do na meáin, cabhraímid le cruthaitheoirí agus le heagrais i réimsí agus ar ardáin éagsúla – teilifís, raidió, lucht déanta scannáin, agus podchraoltaí ina measc – chun ábhar nuálach Gaeilge a fhorbairt.
Bímid ag plé le páirtithe leasmhara sna meáin Ghaeilge ar bhonn leanúnach tríd an gCoiste Comhairleach Gaeilge; a bunaíodh i gcomhar le agus atá faoi chomhchathaoirleacht Fhoras na Gaeilge. Trí obair an choiste, spreagtar comhoibriú idir craoltóirí, déantóirí ábhair, agus lucht déanta beartas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun deiseanna nua forbartha a aithint.
Tá Plean Gníomhaíochta Gaeilge á ullmhú ag an gCoimisiún faoi láthair a mbeidh sé mar chuspóir aige cur chuige comhtháite a chinntiú le go mbeifear in ann leanúint leis an dea-obair atá deánta go dtí seo agus go dtacófar leis an nuálaíocht, an comhoibriú, agus soláthar acmhainní riachtanacha chun go n-éireoidh leis an earnáil bláthú i dtionscal dúshlánach atá ag síorathrú.
Chun an obair seo a stiúradh, tá aonad nua Gaeilge bunaithe againn laistigh de rannán thírdhreach na meán, agus i mí Feabhra 2026, ceapadh Muiris Ó Fiannachta mar an chéad Cheannasaí Gaeilge sa Choimisiún.
Glacfar toscaí éagsúla san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta. Inár gcéad ráiteas straitéise a foilsíodh anuraidh, leagtar amach sé thoradh straitéiseacha: leanaí, daonlathas, muinín, cultúr na hÉireann agus na meáin, éagsúlacht agus cuimsiú, agus sábháilteacht phoiblí.
Leagtar béim ar leith ar ár bhfreagrachtaí maidir le tacú le hábhar Gaeilge, agus cuirimid in iúl go bhfuil sé de rún againn tograí nua a fhorbairt a spreagfaidh ábhar ardchaighdeáin i nGaeilge agus i mBéarla, atá éagsúil, inrochtana, agus iomchuimsitheach, lena n-áireofar iriseoireacht, nuacht agus cúrsaí reatha, drámaíocht, cláir faisnéise, beochan, agus siamsaíocht. Dá réir, tá an Plean Gníomhaíochta ag teacht le cuid mhaith den obair atá idir lámha againn cheana i gcomhréir lenár ráiteas straitéise.
Beidh an plean ag teacht freisin lenár sainréimse rialála faoin Acht Craolacháin 2009; ár ndualgais reachtúla faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021; moltaí thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán maidir leis an nGaeilge; agus tuarascálacha taighde a rinne Coimisiún na Meán le dhá bhliain anuas lena n-áirítear suirbhé ar rannpháirteachas an phobail trí chéile leis na meáin Ghaeilge, staidéar féidearthachta ar bhunú stáisiún raidió lán-Ghaeilge dírithe ar an aos óg, agus Athbhreithniú Cuimsitheach ar na Meáin Ghaeilge a ndearnamar coimisiúnú air agus a chuir foireann taighde faoi stiúir Regina Uí Chollatáin i gColáiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gcrích.
Tugann an t-athbhreithniú seo léargas luachmhar, bunaithe ar thaighde suntasach na foirne, ar bhail reatha na hearnála. Tá 31 moladh ann, cuid mhaith acu atá ag teacht lenár dtorthaí straitéiseacha, agus beimid in ann iad a chur i bhfeidhm ag baint leas as struchtúir reatha an Choimisiúin.
Leanfar ag tacú le hábhar Gaeilge trí scéim Fuaim & Fís, a bhfuil cáil bainte amach aici le 20 bliain anuas as cabhrú le scéalta na hÉireann a thabhairt go barr uisce ar an scáileán agus ar na haerthonnta, agus go háirithe mar fhoinse ríthábhachtach mhaoinithe do léiriúcháin Ghaeilge agus dhátheangacha, le breis is 800 tionscadal acu seo maoinithe againn ó bunaíodh an scéim.
Oibreoidh Fuaim & Fís i dteannta lenár scéimeanna iriseoireachta nua – Tuairisciú Nuachta, Tuairisciú Daonlathais Áitiúil, agus Tuairisciú na gCúirteanna. Bunaíodh iad seo le 18 mí anuas agus, sa bhreis ar bheith ag tacú leis na meáin Ghaeilge, chuir siad go mór le hinfheictheacht na Gaeilge sna meáin Bhéarla, mar shampla an chéad bheirt chomhfhreagraithe Gaeltachta de chuid The Journal in 2025.

“Tá an Coimisiún tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge agus do thacú le soláthar ábhar Gaeilge i ngach réimse de na meáin.”
Cuireadh tús le Scéim nua um Chlaochlú Digiteach anuraidh freisin chun maoiniú a chur ar fáil do chomhlachtaí meán chun bonneagar, uirlisí, agus teicneolaíocht dhigiteach a nuachóiriú, agus d’éirigh le tionscnaimh de chuid Tuairisc.ie agus Raidió na Life maoiniú a fháil sa chéad bhabhta den scéim.
Tacóidh agus spreagfaidh an scéim seo, mar aon le Clár Oiliúna agus Forbartha na Meán s’againn, forbairt ghairmiúil leanúnach le cinntiú go mbeidh oibrithe meán in ann tabhairt faoin uasoiliúint agus athoiliúint a éascóidh an nuálaíocht atá riachtanach chun an earnáil a chumasú le dul i dtaithí ar an teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn agus chun freastal ar riachtanais an lucht éisteachta agus féachana.
Sa bhabhta is deireanaí den chlár seo, fuair Learning Waves maoiniú chun cuid den chéad ghlúin eile d’iriseoirí a oiliúint, agus béim ar leith acu ar chéimithe le Gaeilge.
Leanfaidh ár Scéim Urraíochta ag tacú le himeachtaí tábhachtacha do na meáin Ghaeilge, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Féile na Meán Ceilteach ina measc, agus cuirfidh an Plean Gníomhaíochta béim ar thábhacht chórais oiriúnacha a bheith againn le cinntiú go mbeidh foinsí eolais inrochtana, suas chun dáta, ag muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge maidir leis na deiseanna agus acmhainní oiliúna agus tacaíochtaí eile atá ar fáil do na meáin Ghaeilge.
Is éard atá sa Phlean Gníomhaíochta seo ná an chéad chéim eile i bpróiseas leanúnach a fhágfaidh go mbeidh níos mó ábhar Gaeilge le feiceáil is le cloisteáil ar fud na meáin, agus go mbeidh níos mó deiseanna oiliúna agus fostaíochta á gcruthú do dhaoine le Gaeilge agus i gceantair Ghaeltachta.
Táimid á ullmhú bunaithe ar an taighde is deireanaí agus i gcomhar le páirtithe leasmhara san earnáil agus tá sé ar an bpríomhthosaíocht atá ag foireann úrnua aonad Gaeilge nuabhunaithe na heagraíochta. Tá ról Choimisiún na Meán mar rialtóir ag fairsingiú, agus tá ár dtiomantas don Ghaeilge ag dul i neart.
F: +353 1 9637755
SG: www.cnam.ie





