An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge, 2025
Ag ócáid in Óstán Buswell’s ar an 19 Bealtaine 2026 sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge, 2025: Cumas, Úsáid agus Dearcthaí ar Oileán na hÉireann.
Sa tuarascáil seo, déantar anailís ar dhearcthaí comhaimseartha i leith na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann bunaithe ar shonraí ó shuirbhé ionadaíoch ar an mórscála a rinneadh i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann i samhradh na bliana 2025.
Tugadh faoin tuarascáil seo d’fhonn cur lenár dtuiscint ar dhinimic shochtheangeolaíoch na Gaeilge sa dá dhlínse tráth a bhfuil forbairtí suntasacha beartais ag teacht chun cinn agus plé ag leanúint ar aghaidh ar a bhfuil i ndán don teanga.
Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a stiúraigh An Suirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025 d’Fhoras na Gaeilge le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Tá an taighde seo bunaithe ar agallaimh aghaidh ar aghaidh le 1,498 duine fásta (1,000 i bPoblacht na hÉireann agus 498 i dTuaisceart Éireann). Forbraíodh agus bunaíodh an ceistneoir ar cheistneoir a bhí ann cheana atá in úsáid ó na 1970idí i leith, agus a oiriúnaíodh chun Tuaisceart Éireann a chur san áireamh agus chun comhthéacs beartais agus sochaí an lae inniu a léiriú.
Tógtar sa tuarascáil seo ar thraidisiún seanbhunaithe taighde ar dhearcthaí i leith na Gaeilge. Is thiar sna 1970idí a tosaíodh ag déanamh mórthaighde suirbhé bunaithe ar dhearcthaí i leith na Gaeilge agus, i gcás Phoblacht na hÉireann (PÉ), tá leaganacha den suirbhé céanna á ndéanamh thart ar gach 10 mbliana ó shin i leith.
Rinneadh an suirbhé i dTuaisceart Éireann (TÉ) den chéad uair sa bhliain 2001, mar chuid de shuirbhé uile-oileáin maoinithe ag Foras na Gaeilge, agus tá an dlínse sin san áireamh i ngach suirbhé atá déanta ó shin.
San iomlán, is léiriú é an bailiúchán saothar seo ar an dearcadh atá agus a bhí ag an bpobal i gcoitinne i leith na Gaeilge, agus ar an dearcadh atá acu i leith bheartas an rialtais i ndáil leis an teanga.

Tá an foilseachán seo ar an tuarascáil is déanaí sa tsraith taighde is seanbhunaithe ar dhearcthaí an phobail ar oileán na hÉireann i leith na Gaeilge agus cuireann sé léargas uathúil agus mionsonraithe ar fáil ar dhearcthaí reatha an phobail agus ar chumas teanga ar oileán na hÉireann, rud a fhágann gur féidir staitisticí a bailíodh tuairim is gach 10 mbliana le 50 bliain anuas maidir le dearchtaí agus cumas an phobail i leith na Gaeilge, chomh maith leis an úsáid a bhaineann siad aisti, a chur i gcomparáid le chéile.
Colin J. Flynn agus Noel Ó Murchadha ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a rinne an staidéar i gcomhar le Ipsos B&A. Ba é Flynn céad údar na tuarascála seo. Is ollamh cúnta sa teangeolaíocht fheidhmeach é i Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ba é Ó Murchadha an príomhthaighdeoir sa tionscadal seo. Is ollamh comhlach é san oideachas teanga i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
I measc na bpríomhthorthaí:
- tá móramh soiléir sa dá dhlínse anois i bhfabhar na Gaeilge (78 faoin gcéad PÉ agus 55 faoin gcéad TÉ);
- tá úsáid laethúil na Gaeilge níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013: (ardú de 3 faoin gcéad in PÉ agus de 6 faoin gcéad in TÉ) agus tá an Ghaeilge á labhairt níos minice i gCúige Mumhan, i gCúige Chonnacht, agus i gCúige Uladh, ná in áiteanna eile sa tír;
- is iad daoine idir 18 agus 24 bliain d’aois an t-aoisghrúpa is mó i measc cainteoirí rialta sa dá dhlínse;
- todhchaí dhátheangach is ea an rogha is coitianta a roghnaigh freagróirí: le Béarla mar phríomhtheanga, agus tacaíocht do níos mó béime ar an nGaeilge (55 faoin gcéad in PÉ agus 44 faoin gcéad in TÉ);
- tá an tacaíocht don Ghaelscolaíocht agus do mhúineadh na Gaeilge níos airde ná mar a tuairiscíodh sna suirbhéanna roimhe seo; agus
- tá freasúra don Ghaeilge níos ísle sa dá chuid den oileán i gcomparáid le torthaí a tuairiscíodh i suirbhéanna roimhe. Ba é tuairim an tromlaigh (60 faoin gcéad) i measc freagróirí i dTuaisceart Éireann a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu, agus ar bhonn ginearálta, a bhfuil féiniúlacht Phrotastúnach acu, nach bhfuil “tuairim faoi leith ar bith” acu faoin nGaeilge.
Arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn: “Ar an iomlán, léiríonn an taighde seo bonn láidir tacaíochta don Ghaeilge ar fud an oileáin, agus beidh Foras na Gaeilge ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe sa dá rialtas agus leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge leis an phróiseas seo a neartú, agus le leathnú a dhéanamh ar úsáid laethúil na teanga, agus ar dheiseanna le Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú.

“Tugann an taighde léargas dearfach ar thuairimí an phobail i leith na Gaeilge ó dheas agus i measc freagróirí a bhfuil féiniúlacht Bhriotanach acu sa Tuaisceart; grúpa go ginearálta a bhfuil féiniúlacht Phrotastúnach, aontachtach, agus dhílseach acu. Toradh dearfach a bhfuil feabhas mór air ó shuirbhé 2013.
“Mar sin féin, tá dúshláin romhainn ó dheas. Thug 50 faoin gcéad de fhreagróirí ó dheas, agus iad ag meas a gcuid Gaeilge féin, le fios gur beag a gcumas nó go bhfuil siad gan chumas sa Ghaeilge, toradh atá ina ábhar imní agus atá 7 faoin gcéad níos airde ná mar a tuairiscíodh in 2013. Léiríonn sé seo gá práinneach leis na torthaí foghlama don Ghaeilge inár scoileanna a fheabhsú.”





