Cur i bhfeidhm: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Tá roinnt forbairtí Gaeilge bainte amach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh i mí na Nollag 2010, ach ní dóigh go mbainfear a príomhspriocanna amach chun an méid daoine ag labhairt na Gaeilge go laethúil a ardú go 250,000, nó an méid daoine ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht go laethúil a mhéadú faoi 25 faoin gcéad.
This piece was in also avalible in English. Please click here to access the English version.
Deir Daonáireamh 2022 go bhfuil 71,698 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil, laghdú ón 77,185 a taifeadeadh i nDaonáireamh 2011. Thit an méid daoine ag labhairt na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ó 68.5 faoin gcéad i nDaonáireamh 2011 go 66 faoin gcéad in 2022. Mar aon leis sin, léiríonn Daonáireamh 2022 go bhfuil 65,156 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge acu, síos ón 66,238 i nDaonáireamh 2011.
Tá sprioc chun an méid daoine a mbeidh eolas acu ar an nGaeilge a mhéadú go 2 milliún leagtha amach sa straitéis. Deir Daonáireamh 2022 go bhfuil 1.87 milliún duine a bhfuil eolas acu ar an nGaeilge, suas ó 1.77 milliún duine taifeadta i nDaonáireamh 2011.
Is í fís na straitéise ná sochaí dhátheangach a bhaint amach agus féiniúlacht teanga na bpobal Gaeltachta a chosaint. Sin é an tiomantas atá leagtha amach sa Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a chur leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá oideachas aitheanta mar “cheann de na hinnill an-tabháchtach” chun spriocanna na straitéise a bhaint amach. Cuireadh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 i bhfeidhm faoin straitéis. Bhí sé mar aidhm ag an bpolasaí “beogacht na limistéar Gaeltachta a choinneáil agus a dhaingniú mar cheantair dhúchais na bpobal le Gaeilge”.
Leagtha amach sa straitéis, tá spriocanna le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach ón oideachas bunscoile go dtí an Ardteistiméireacht, agus go ndéanfaí soláthar ar ard-chaighdeán den Ghaeloideachas.
Bhí forbairt ar chóras pleanála teanga lárnach i gcuspóir an straitéise ar mhaithe le beogacht na limistéar Gaeltachta a chosaint. Déantar foráil air sin in Acht na Gaeltachta 2012.
“Is í fís na straitéise ná sochaí dhátheangach a bhaint amach agus féiniúlacht teanga na bpobal Gaeltachta a chosaint.”
Ó a actaíodh an tAcht, roinneadh an Ghaeltacht ina 26 réimse a dtugtar Limistéar Pleanála Teanga (LPT) orthu. Mar aon leis sin, aimsítear 16 Bailte Seirbhíse Gaeltachta, bailte atá suite in LPT nó taobh leo agus a bhfuil ról maidir le seirbhísí a sholáthar dóibh. Faoin Acht, caithfidh gach LPT plean teanga a ullmhú le bheith aitheanta mar cheantar Gaeltachta.
Foilsíodh plean gníomhaíochta i mí Meitheamh 2018 don tréimhse 2018-2022 chun tacaíocht a thabhairt don straitéis. De bharr phaindéim Covid-19, leathnaíodh an plean go dtí 2023. Faoin bplean, i dtacaíocht le seachadadh na Gaeilge, méadaíodh an leibhéal uasta maoinithe caipitil atá le soláthar faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga ó 80 faoin gcéad go 95 faoin gcéad.
De réir sprioc sa phlean gníomhaíochta, actaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 i mí na Nollag 2021. Is iad ceann de phríomhaidhmeanna an actha ná go mbeadh 20 faoin gcéad d’earcaigh san earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.
Maidir leis na meáin agus an teicneolaíocht, tá tiomantas leagtha amach sa straitéis chun seirbhísí craolacháin trí mheán na Gaeilge a sholáthar ar ardchaighdeán. I mí na Nollag 2022, foilsíodh an Plean Digiteach don Ghaeilge 2023-2027. Is é aidhm an plean ná an Ghaeilge a thabhairt isteach sa ré dhigiteach.
Faoin straitéis, foilsíodh foclóir nua Gaeilge-Gaeilge agus cuireadh tús le hobair ar thionscadal foclóir Gaeilge-Béarla. Chomh maith leis sin, tá Acadamh Ríoga na hÉireann ag ullmhú Foclóir Stairiúil na hÉireann atá le hullmhú roimh 2027.
I dtaca leis an saol eacnamaíochta, deir an plean gníomhaíochta go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag soláthar fostaíochta, go bhfuil Foras na Gaeilge ag tabhairt tacaíochta don earnáil foilsitheoireachta, agus go bhfuil Glór na nGael ag tabhairt tacaíochta do thionscnaimh eacnamaíochta.
Leagtha amach sa phlean, tá sprioc ann leanúint leis an tacaíocht a thugtar d’Údarás na Gaeltachta na 8,500 post a sholáthraíonn sé i gcomhlachtaí Gaeltachta a chóiméad. Deir tuarascáil bhliantúil 2025 Údarás na Gaeltachta go bhfuil 9,716 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis.
Anailís
In ainneoin na bhforbairtí sin, ní dóigh go mbainfear amach príomhspriocanna na straitéise i dtaca leis an méid daoine ag labhairt na Gaeilge go laethúil, nó an méid daoine ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht go laethúil.
Mar aon leis sin, leagadh 185 cuspóir amach sa phlean gníomhaíochta agus léiríonn tuairisc ar dhul chun cinn an plean in 2022 gur cuireadh 43 i bhfeidhm, 138 idir lámha, agus cuireadh moill ar cheithre cinn acu. Tá tuairisc ar dhul chun cinn an plean gníomhaíochta in 2023 fós le foilsiú ag an Roinn agus níor foilsíodh plean gníomhaíochta nua go fóill.
“Is léir ag an bpointe seo nach mbainfear amach an sprioc a bhí leagtha síos sa straitéis; go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge sa tír faoin mbliain 2030,” arsa iar-chomhordaitheoir acadúil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Seosamh Mac Donnacha go Tuairisc i mí Eanáir 2024.
“Ach is dóigh gurb é an díomá mhór atá ann i ndáiríre, ní hamháin nach mbainfidh muid amach an sprioc sin ach go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar fud na tíre ag titim de réir a chéile seachas a bheith ag dul ag ardú.”





