Athbhreithnuú ar an gcéad 10 bplean teanga

Tá “éigeandáil teanga sa Ghaeltacht” agus is cóir dul i ngleic léi sin sula gcaillfear an Ghaeilge “mar theanga labhartha pobail”, a léiríonn athbhreithniú ar an gcéad 10 bplean teanga, a d’fhoilsigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i mí Eanáir 2026.
D’fhoilsigh an Roinn an t-athbhreithniú faoi Acht na Gaeltachta 2012. Maíonn an t-athbhreithniú gurb iad titim sa daonra, ceannas an Bhéarla, laghdú na Gaeilge, bochtaineacht, agus easpa acmhainní agus infheistíochta i measc na bhfadhbanna sna Limistéir Phleanála Teanga.
Cé go bhfuil “obair mhór á déanamah i gcuid mhaith de na réimsí sin”, deir an t-athbhreithniú go mairfidh na deacrachtaí seo “gan tacaíocht spriocdhírithe láithreach do thionscnaimh teanga agus d’oiliúint sa phleanáil teanga”.
Tá moltaí san athbhreithniú dírithe ar fheasacht a leathnú, bearta reachtacha a achtú, leithdháileadh acmhainní mar is ceart a chinntiú, agus córas mhonatóireachta agus mheastóireachta a dhéanamh.
Molann an t-athbhreithniú oiliúint éigeantach phleanála teanga d’oifigigh phoiblí a thabhairt isteach. I bhfreagra ón Roinn de réir na moltaí san athbhreithniú, aontaítear “go mbeadh fiúntas lena leithéid”.
Chun úsáid na Gaeilge sa saol laethúil a mhéadú, molann an t-athbhreithniú an phleanáil teanga a dhíriú ar mhinicíocht agus rialtacht. Deir an Roinn go mbeadh leasú ar na treoirlínte pleanála teanga mar chuid don dara timthriall de na pleananna teanga.
Baineann roinnt moltaí le pá, conarthaí, oiliúint, agus struchtúir foirne d’oifigigh phleanála teanga (OPT) “a chaighdeánú agus a fheabhsú”. Deir an Roinn go ndearnadh iarracht conarthaí fostaíochta a chaighdeánú cheana féin, go bhfuil sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta athbhreithniú a dhéanamh ar ról an OPT, agus go gcuirfear níos mó acmhainní ar fáil.
Molann an t-athbhreithniú tosaíocht a thabhairt d’iarratasóirí tithíochta a labhraíonn an Ghaeilge, agus go gcuirtear deontais tithíochta oiriúnaithe ar fáil do theaghlaigh “atá tiomanta d’úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht”. Deir an Roinn go bhfuil tiomantas i bplean tithíochta an Rialtais go bhfoilseofaí Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht i 2027.
Deir bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast: “Nílimid pioc níos gaire do chóras monatóireachta a bheith i bhfearas don bpróiseas pleanála teanga, rud a chuireann díoma agus lagmhisneach ar go leor oifigigh phleanála teanga agus pobail Ghaeltachta.”
“Caithfear gníomhú ar son na Gaeltachta, agus fís straistéiseach a chur le chéile don bpróiseas seo, an t-athbhreithniú san áireamh.”