Workforce of the future report

An tAire Gaeltachta Dara Calleary TD: I dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach

Soláthraí den scoth de sheirbhísí poiblí dátheangacha mar aon le fostóirí den scoth dóibh siúd le Gaeilge, nó ar mian leo cur lena scileanna Gaeilge – sin í an fhís don earnáil phoiblí sa tréimhse amach romhainn, sríobhann an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD.

Ag croílár iarrachtaí an Rialtais sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí na tíre seo, agus a chumasú do lucht labhartha na teanga í a úsáid ina bplé leis an Stát.

Mar thaca don obair seo, leag an Rialtas síos sprioc uaillmhianach earcaíochta, go mbeidh Gaeilge ag 20 faoin gcéad d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí faoi dheireadh 2030. De réir mar atá comhlachtaí poiblí ag obair i dtreo na sprice seo, cinnteoidh siad go mbeidh líon-dóthanach foirne acu chun seirbhísí dátheangacha iomlánacha agus ar ard-chaighdeán a chur ar fáil – go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí custaiméara agus leochaileacha don Ghaeltacht agus go ginearálta.

Ní sprioc aonarach, i bhfolús í seo dar ndóigh. Tá sí mar chuid d’éiceachóras níos leithne atá á thógáil faoin reachtaíocht teanga. Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024 – an chéad straitéis náisiúnta rialtais i stair an Stáit do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge. Tugadh faoi thaighde cuimsitheach i leith ullmhú an Phlean seo agus déantar torthaí luachmhara an taighde seo a leagann amach ann.

Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig mhórthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:

  1. tionscnaimh leathana agus neartú struchtúir reatha;
  2. soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge;
  3. teicneolaíocht;
  4. oiliúint, earcaíocht, agus inniúlacht teanga; agus
  5. bailiú sonraí.

Réimsí atá ag teacht le straitéisí athchóirithe eile de chuid an Rialtais ar nós Seirbhísí Poiblí Níos Fearr agus Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse.

Beidh dhá Phlean Gníomhaíochta trí bliana ag tacú leis an bPlean Náisiúnta, a leagfaidh amach na gníomhaíochtaí sonracha chun cuspóirí straitéiseacha ardleibhéil na dtéamaí seo a bhaint amach. Clúdóidh an chéad phlean gníomhaíochta an tréimhse 2025-2027 agus cuirfear é faoi bhráid an Rialtais lena cheadú sa tréimhse ghearr amach romhainn.

Go comhthreomhar leis an obair seo, beidh dátaí á socrú go luath chomh maith faoina mbeidh oifigí poiblí Gaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge agus faoina gcuirfear seirbhísí poiblí Gaeltachta ar fáil trí Ghaeilge. Beifear ag tabhairt faoin gcéad bhabhta comhairliúchán ar na caighdeáin teanga le comhlachtaí poiblí agus leis an bpobal chomh maith sa tréimhse ghearr amach romhainn. Tá córas na gcaighdeán teanga bunaithe ar chóras rathúil na Breataine Bige agus le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga anseo.

I dtaca leis seo go léir, tá obair ar bun faoin bPlean Digiteach don Ghaeilge chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh ó thaobh forbairtí teicneolaíochta – go háirithe IS (AI) agus spriocanna eile an Rialtais ó thaobh seirbhísí ábhartha a bhogadh ar líne faoi Leas a Bhaint as Digitiú: Creat Digiteach na hÉireann.

I gcomhthéacs na sprice earcaíochta 20 faoin gcéad, leagtar béim sa Phlean Náisiúnta ar uasoiliúint teanga a chur ar fhoireann reatha de chuid comhlachtaí poiblí – anuas ar daoine le Gaeilge a earcú ón taobh amuigh. Ag teacht leis seo, léirigh torthaí an tsuirbhé a rinneadh mar chuid den taighde don Phlean, inar ghlac c. 35,000 fostaí den earnáil phoiblí páirt, báúlacht ar leith i dtreo na teanga, mar shampla dúirt:

  • 50 faoin gcéad go mbeadh suim acu cur lena n-inniúlacht sa Ghaeilge; agus
  • 23 faoin gcéad go mbeadh suim acu dul ag obair trí Ghaeilge le breis oiliúna/tacaíochtaí (anuas ar 5 faoin gcéad atá ag obair trí Ghaeilge cheana féin nó a bheadh réidh le dul ag obair trí Ghaeilge láithreach).

Má thógann tú san áireamh go bhféadfaí dul i bhfeidhm chomh maith ar na daoine a chur in iúl nach raibh a fhios acu/nár smaoinigh air, don dá cheist thuasluaite (32 faoin gcéad agus 27 gcéad faoi seach), is figiúirí thar a bheith dearfacha iad sin.

Anuas air sin, léirigh an taighde go raibh leibhéal cumasach Gaeilge labhartha, leibhéal B2-C2 ar an CEFR, ag 11 faoin gcéad de rannpháirtithe an tsuirbhé agus poitéinseal a bheith cumasach gan mhoill, leibhéal B1, ag 13 faoin gcéad acu. I gcodarsnacht leis seo, níor úsáid ach 3 faoin gcéad í mar chuid dá gcuid oibre oifigiúil i gcónaí ná go minic. Bhí 10 faoin gcéad eile a d’úsáid í anois agus arís.

Ag tógáil san áireamh gur léirigh an taighde chomh maith nach gnáth-nós é ag comhlachtaí poiblí faoi láthair taifead a choinneáil ar an líon foirne atá acu le Gaeilge agus/nó líon foirne a thug faoi chúrsa oiliúna Gaeilge – feictear go bhféadfaí tuilleadh béime a chur ar meaitseáil scileanna agus go bhfuil cúpla deis anseo do chomhlachtaí poiblí céimeanna praiticiúla a thógáil gan mhoill i dtreo na sprice earcaíochta 20 faoin gcéad, m.sh.:

  • an phleanáil don fhórsa saothair a úsáid mar chroí-uirlis chun róil ar leith a mbeadh fostaithe dátheangacha de dhíth a aithint. Is iad seirbhísí custaiméara agus leochaileacha sa Ghaeltacht agus go ginearálta na tosaíochtaí aitheanta sa mhéid seo mar aon le róil chorparáideacha tacaíochta;
  • cúrsaí oiliúna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann reatha ar bhonn réamhghníomhach, taifead a choinneáil díobh siúd a thugann faoi na cúrsaí, agus Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí a chur chun cinn ina measc;
  • earcú réamhghníomhach a dhéanamh ar dhaoine le Gaeilge agus eolas a bhailiú tríd an bpróiseas earcaíochta maidir le mian iarrthóirí oibriú go dátheangach, a leibhéal reatha Gaeilge, agus a mian cur lena scileanna Gaeilge, más gá; agus
  • féachaint ar chonairí gairme éagsúla reatha isteach ag an gcomhlacht poiblí agus forbairt a dhéanamh orthu le gnéithe Gaeilge a chuimsiú iontu más gá. Feictear go mbeidh tábhacht ar leith ag baint le forbairt printíseachtaí trína bhféadfaí scileanna teanga a fhorbairt sa mhéid seo, ag teacht le gealltanas ina leith seo i bPlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí 2023, mar aon le hintéirneachtaí agus tréimhsí taithí oibre.1

1. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an obair bhunathraithe seo, déan teagmháil leis an Roinn le do thoil trí ríomhphost a sheoladh chuig ATO@tcagsm.gov.ie agus cláraigh dár nuachtlitir ráithiúil

Show More
Back to top button