Is roghchoiste agus comhchoiste araon é Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i nDáil Éireann atá ag obair chun stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil na hÉireann a chomhlíonadh.
Leanann an coiste an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Déanann an roghchoiste athbhreithniú ar bhillí, meastacháin, agus cúrsaí eile a chuireann Dáil Éireann faoina bhráid a bhaineann leis an Roinn.
Is féidir leis an gcomhchoiste athbhreithniú a dheánamh ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh agus dul i dteagmháil le hAirí agus comhlachtaí Eorpacha. Is féidir leis athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim ghinearálta nó dréacht-cheannteidil de bhillí, agus ar aon tuarascáil iar-achtaithe ar aon bhille i leith na Roinne. Mar aon leis sin, is féidir leis an gcomhchoiste dul i dteagmháil le cathaoirligh ainmnithe comhlactaí nó gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne.
Is iad seo a leanas na príomhcheisteanna beartais a ndéannan an coiste iniúchadh orthu:
- soláthar tithíochta agus fostaíochta i gceantair Ghaeltachta;
- an bonneagar i gceantair Ghaeltachta;
- go mbeidh ar a laghad 20 faoin gcéad d’earcaigh i gcomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi dheireadh 2030;
- úsáid na fógraíochta dátheangaí ag comhlachtaí poiblí;
- deacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge;
athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascáil bhliantúil Oifig an Choimisinéara Teanga;
- imscrúdú a dhéanamh ar chlár oibre agus tosaíochta Údarás na Gaeltachta;
- dul chun cinn an tionscadail Ghaeilge365 a fhiosrú;
- cúrsaí oideachais ón luathoideachas go dtí an tríú leibhéal;
- eagrais spóirt, cúrsaí óige, agus cur chun cinn na Gaeilge;
- an earnáil chraolacháin agus léiriúcháin i nGaeilge;
- úsáid na Gaeilge sna hearnálacha ealaíne;
- daoine atá faoi míchumas agus rochtain acu ar an nGaeilge;
- an phleanáil teanga; agus
- cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann.
| Shane Moynihan TD, Fianna Fáil (Cathaoirleach)
Faoi: TD ar son Bhaile Átha Cliath Thiar Meán. Thug sé seirbhís ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas idir 2019 agus 2024. Ceapadh mar Chathaoirleach ar an gcoiste i mí Meitheamh 2026 é. Bhí sé ceaptha in áit Naoise Ó Cearúil nuair a cheapadh mar Cathaoirleach ar an gCoiste um Intleacht Shaorga é.
|
Naoise Ó Muirí TD, Fine Gael
Faoi: TD ar son Átha Cliath Thuaidh ó 2024. D’oibrigh sé ar Chomairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 2004 go 2024 agus is iar-ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath é. Tagann sé ó chúlra innealtóireacht agus chomhbhunaigh sé Zing Technology, comhlacht teicneolaíochta faisnéise.
|
|
John Connolly TD, Fianna Fáil
Faoi: TD ar son Ghaillimh Thiar ó 2024. Toghadh ar Chomhairle Contae na Gaillimhe in 2004 é ach chaill sé a áit ar an gcomhairle in 2009. Toghadh ar an gcomhairle arís in 2019 é agus choinnigh sé a chathaoir in 2024.
|
Aengus Ó Snodaigh TD, Sinn Féin
Faoi: TD ar son Baile Átha Cliath Theas-Lár ó 2002. Is urlabhraí ar an nGaeilge, an Ghaeltacht, agus na healíona de chuid Shinn Féin é. D’oibrigh sé mar aoire an phairtí cheana. D’oibrigh sé ar son Bhord na Gaeilge roimh an bpolaitíocht.
|
|
Naoise Ó Cearúil TD, Fianna Fáil
Faoi: TD ar son Chill Dara Thuaidh ó 2024. Toghadh ar Chomhairle Contae Chill Dara é in 2014, agus bhí sé mar mhéara ar Chill Dara idir 2021 agus 2022. Ceapadh mar Chathaoirleach ar an gcoiste ar feadh tamall gearr i mí Bealtaine 2026 é sular éirigh sé as an gcoiste i mí Meitheamh 2026. Ceapadh mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Intleacht Shaorga i mí Meitheamh 2026 ansin é.
|
Seanadóir Joe Conway, Neamhspleách
Faoi: Seanadóir ar an bpainéal cultúrtha agus oideachais ó 2025. D’oibrigh sé ar Chomhairle Contae Phort Láirge idir 2009 agus 2014, agus ar Chomairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ó 2014 go 2025. D’oibrigh sé le hÚdarás na Gaeltachta roimhe sin ar fad agus is iadsan a d’ainmnigh don Seanad é.
|
|
Shónagh Ní Raghallaigh TD, Sinn Féin
Fúithi: TD ar son Chill Dara Theas ó mhí na Samhna 2024. D’oibrigh sí mar mhúinteoir sular thoghadh ar Chomhairle Contae Chill Dara i mí Meitheamh 2024 í. Tá baint aici le cumann Chill Dara den Ireland-Palestine Solidarity Campaign.
|
Seanadóir Shane Curley, Fianna Fáil
Faoi: Seanadóir ar an bpainéal cultúrtha agus oideachais ó 2025. Is urlabhraí ar an oideachas agus an Ghaeilge de chuid an tSeanaid é. D’oibrigh sé ar Chomhairle Contae na Gaillimhe idir 2019 agus 2025. D’oibrigh sé mar múinteoir agus comhairleoir airgeadais roimhe sin ar fad.
|
|
Peadar Tóibín TD, Aontú
Faoi: TD ar son na Mí Thiar ó 2011. TD Shinn Féin ab a é cheana, ach d’fhág sé an pairtí in 2018 agus bhunaigh sé Aontú in 2019 mar agóid i gcoinne sheasamh an phairtí i leith an reifrinn ar an nginmhilleadh. Roimh an bpolaitíocht, bhí sé mar chomhairleoir bainistíochta féinfhostaithe ag obair san earnáil fiontair in Éirinn agus san Albain.
|
Seanadóir Evanne Ní Chuilinn, Fine Gael
Fúithi: Seanadóir ó 2025, ainmnithe ag an Taoiseach. Is urlabhraí ar na healaíona, ar na meáin, ar an spórt agus ar an gcumarsáid de chuid an tSeanaid í. Is iar-chraoltóir spóirt agus iar-iriseoir le RTÉ í.
|
|
Barry Ward TD, Fine Gael
Faoi: TD ar son Dhún Laoghaire ó 2024. Toghadh ar Sheanad Éireann in 2020 ar an bpainéal tionscalaíochta agus trácthála é. Is abhcóide é agus d’oibrigh sé mar urlabhraí thar ceann dlí agus cirt do Sheanad Éireann. D’oibrigh sé mar chomhairleoir dlíthiúil don Iar-Thaoiseach Enda Kenny idir 2005 agus 2007.
|
Seanadóir Nicole Ryan, Sinn Féin
Fúithi: Seanadóir ar an bpainéal riaracháin ó 2025. Bhunaigh sí Alex’s Story, fiontar sóisialta a thugann oideachas do dhaltaí iar-bhunscoile ar dhrugaí, tar éis bás a dearthár in 2016. Is guth mór le rá ar chúrsaí sláintiúla í.
|