Manchán Magan: 1970-2025

D’éag an scríbhneoir agus an craoltóir Manchán Magan i mí Mheán Fómhair 2025 ag 55 bliana d’aois i mBaile Átha Cliath.
D’úsáid Magan a leabhair agus a chláir theilifíse le hiniúchadh a dhéanamh ar an nGaeilge, ar cultúr, agus ar thírdhreach na hÉireann. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin TD go raibh Magan go mór ar son na Gaeilge agus chultúr na hÉireann, agus gur ionsoilsigh a chuid oibre saibhreas thírdhreach, stair, agus, oidhreacht na tíre.
Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine, agus a thriúr deartháireacha agus deirfiúracha. Imithe roimhe tá a athair, Michael, agus a dheirfiúr, Dairíosa.
Rugadh Magan i 1970 agus tógadh i nDomhnach Broc é. Thosaigh sé a ghairm mar chraoltóir ag déanamh clár faisnéise ar an taisteal. Rinne sé go leor clár teilifíse ar nós No Béarla, clár teilifíse faoi thaisteal timpeall na hÉireann ag labhairt na Gaeilge amháin.
D’oibrigh sé mar scríbhneoir colún nuachtán agus craoltór raidío do RTÉ Raidió 1. D’óstaigh Magan podchraoladh darb ainm The Almanac of Ireland a phléigh ceiliúradh traidisiúnta de chuid na gCeilteach ar nós Imbolc agus Shamhna, agus na rudaí atá le foghlaim againn ó logainimeacha áitiúla.
Anuas air sin, scríobh sé iomaí leabhar ar nós Thirty Two Words for Field: Lost Words of the Irish Landscape, agus a leabhar is luaithe, Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun), a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2025.
Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, atá ag eirí as i mí na Samhna 2025:: “Ba dhuine fíor-éachtach é Manchán. Is deacair é a shamhlú conas go mbeadh aon duine eile ábalta ionchur chomh leathan agus chomh tarraingteach a thabhairt chun áilleacht, doimhneacht agus beocht na Gaeilge a chur chun cinn roimh an méid sin daoine, in Éirinn agus thar lear.”

Bhí Magan ceangailte le Kneecap, agus bhí sé le feiceáil i bhfíseán ceoil an ghrúpa don amhrán ‘Drug Dealin Pagans’ óna albam nua Fine Art. Dúirt an grúpa go raibh Magan fíorthábhactach d’aiséirí na Gaeilge agus do chultúr na hÉireann.
I mí Nollag 2024, sheas Magan suas ar an stáitse leis an ngrúpa i rith a cheolchoirme san SSE Arena i mBéal Feirste. Dúirt an grúpa go raibh Magan ar an ambasadóir cultúrtha ba thábhachtaí dá ghlúin.
Is fada go raibh Machán ag obair le TG4 ó cuireadh an stáisiún ar bun i 1996 go dtí le tamall gairid anuas. Dúirt an stáisiún gur “chaith Manchán a shaol go diongbháilte ar son na Gaeilge agus chuir a shaothar go mór le cultúr agus craoltóireacht na hÉireann mar gheall ar an mbua iontach scéalaíochta a bhí aige”.
“Is iontach an saothar atá fágtha le hoidhreacht ag Manchán Magan agus is mór a rachaidh an cíoradh domhain dá chuid féin a rinne sé ar theanga, ar chultúr agus ar thír na hÉireann i gcion ar na glúnta atá le theacht.”
D’fhreastal Magan ar Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agust dúirt an ollscoil go raibh Magan ar cheann de na guthanna ba tábhachtaí don teanga, don chultúr, agus d’oidhreacht na tíre.
Dúirt an craoltóir RTÉ Fiachna Ó Braonáin gur chreid Magan i dteanga, nadúr, daoine, agus seanchultúr mar bhealaí chun tuiscint agus léargas a bhailiú. Ag labhart ar chlár Oliver Callan, dúirt sé gur rugadh Magan chun iniúchadh a dhéanamh.
Dúirt an t-ealaíontóir agus an t-óstach podchraolta Blindboy Boatclub go raibh a chroí briste ón nuacht. Ar na meáin shóisialta, scríobh sé gur caillteadh eolas agus mearadh le bás Magan.
Ar dheis Dé go raibh a anam.




