Public Affairs

Gaeilge san earnáil phoiblí

Labhraíonn An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Odrán de Bhaldraithe faoi a Thuarascáil Bhliantúil 2021, a d’fhoilsigh sé i rith an tsamhraidh díreach imithe, agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus an méadú ar chainteoirí Gaeilge san earnáil phoiblí atá mar aidhm san Acht.

Nuair a d’fhoilsigh an Comisinéir a thuairisc don bhlian 2021, léirigh sé go raibh 727 gearán curtha chun a oifige i 2021, méadú do 20 faoin gcéad ar an méad a chuirteadh chuige i 2020. D’fhéadfadh leis an 20 faoin gcéad sin daoine a chur ar seachrán, a deir an Coimisinéir, toisc gur thit líon na ngearán i 2020 de dheasca Covid-19. Bhí 704 gearán curtha chun oifig an Choimisinéara i 2019, uimhir a thit go 604 i 2020; ach fós, leiríonn uimhreacha 2021 méadú ar an ngnáthleibhéal do ghearáin.

De réir an Choimisinéara, bhí dhá phríomhfháth gur tháinig méadú ar líon na ngearán: easpa dualgais reachtúla ar chomhlachtaí stáit seirbhíse a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus an pandéimeach agus an easpa eolais as Gaeilge a bhí ag baint leis, a bheith ar fáil. Tá súil ag Ó Domhnaill go bhfuil fadhb an dualgais ar a laghad réitithe ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021.

“Cuid do na seirbhísí idirghníomhacha [tástáil ISP nó coinne vacsaíne a chur in áirithe ar líne, mar shampla] a bhí á gcur ar fáil i rith Covid, ní raibheadar ach á gcur ar fáil i mBéarla ar dtús,” a deir sé óna oifig amuigh sa Spidéal, i nGaeltacht Chonamara agus Árainn. “Bhí daoine buartha faoi sin ach go minic ní raibh an dualgas reachtúla sin ar dhaoine agus tá súil agam go gcuirfear é sin ina cheart nuair a chuirfear an tAcht nua i bhfeidhm. Tháinig an tAcht nua i bhfeidhm i mí na Nollag 2021, agus tá trí bliana ag an rialtas, an tAire agus an Roinn feidhm a thabhairt do na gnéithe sin san Acht chun cur leis na seirbhísí atá ar fáil as Gaeilge do dhaoine.”

“Má táimid dáiríre mar stáit ag caint faoin Acht nua, feidhm a thabhairt don Acht nua réimse leathan Gaeilge a bheadh ar chomh-caighdeán le seirbhisí as Béarla, caithfear é sin a dhéanamh trí bhreis daoine le Gaeilge a earcú isteach sa chóras.”

Ceann do na príomhfheidhmeanna atá ag an gCoimisinéir ná monaiteoireacht a dhéanamh ar stádas na Gaeilge insan earnáil phoiblí, ag deimhniú go bhfuil comlachtaí stáit ag cloí lena gcuid dualgais agus meas á thabhairt acu ar chéad teanga na tíre, de réir Bunreacht na hÉireann, agus seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil d’éinne atá á lorg.

Bhí 123 do na gearáin, 16.9 faoin gcéad, a fuair a oifig bainte leis an éigeandáil sláinte. Léirigh líon na ngearán nach raibh an Stát agus a chuid comhlachtaí réidh leagan Gaeilge do threoracha agus eolas a chur ar fáil in éigeandáil ar aon chaighdeán leis an mBéarla.

“Má tá éigeandáil ann, má tá práinn i gceist le rud, is lú seans go bhfaighfeá an t-eolas nó an tseirbhís atá uait i nGaeilge agus ní fhéadfadh liom glacadh le sin mar Choimisinéir Teanga,” a deir Ó Domhnaill. “De réir an Bunreachta, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. An rud a léirigh sé, agus téann seo ar ais go bunaidhm an Achta nua chun cur le líon na ndaoine le Gaeilge sa seirbhís poiblí agus sa stáit-chóras, go gcaithfear cur leis an méid daoine le Gaeilge atá ag obair sa seirbhís poiblí agus sa stát-chóras.

“Mura bhfuil a ndóthain daoine sa chóras le Gaeilge, ní féidir a bheith ag súil go dtiocfaidh feabhas mór le seirbhísí, bíodh sé sin le linn éigeandála nó ná bíodh, mura bhfuil a ndóthain daoine sa chóras ar an gcéad dul síos. Sin an chúis go bhfuil sé comh tábhacthach go méadófar i gceart líon na ndaoine le Gaeilge atá ag teacht isteach sa chóras.”

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i Mí na Nollag 2021, le móraidhmeanna cosúil le: 20 faoin gcéad do na daoine a earcaítear isteach san earnáil phoiblí a bheith in ann Gaeilge a labhairt faoin mbliain 2030, rialacha nua ó thaobh suaitheantais agus ainmneacha comhlachtaí poiblí ag baint leis an nGaeilge, agus rialacha nua eile a dheireann go bhfuil ar na comhlachtaí seo 5 faoin gcéad dá mbuiséad bliaintiúil a chaitheamh ar mheán na Gaeilge.

“Má tá éigeandáil ann, má tá práinn i gceist le rud, is lú seans go bhfaighfeá an t-eolas nó an tseirbhís atá uait i nGaeilge agus ní fhéadfadh liom glacadh le sin mar Choimisinéir Teanga.”

“Is é an dushlán is mó ná go gcaithfear cur le líon na ndaoine le Gaeilge insan stát-chóras agus an tseirbhís phoiblí más mian linn cur leis na seirbhísí sin,” a deir Ó Domhnaill. “Má táimid dáiríre mar stáit ag caint faoin Acht nua, feidhm a thabhairt don Acht nua réimse leathan Gaeilge a bheadh ar chomh-caighdeán le seirbhisí as Béarla, caithfear é sin a dhéanamh trí bhreis daoine le Gaeilge a earcú isteach sa chóras. Gan sin a dhéanamh, ní féidir a bheith ag súil go gcuirfear an tAcht nua i bhfeidhm mar ba chóir agus ina iomláine. An t-aon slí chun é sin a dhéanamh ná trí bhreis daoine a earcú isteach insan gcóras.

“Sin an dushlán atá roimh an choiste comhairlíochta atá bunaithe ag an Acht. Níl mise bainte leo, beidh mise ag déanamh monairteoireachta orthu. Sin an dushlán atá rompu, bealach a aimsiú, na daoine seo a earcú isteach agus a chinntiú go bhfuil siad in áit gur féidir leo úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge chun cur leis na seirbhisí Gaeilge agus seirbhisí níos fearr a chur ar fáil ná mar atá faoi láthair ó thaobh na Gaeilge de.”

Tá dushlán mór roimh an Choiste Comhairlaíochta, mar a phléann Ó Domhnaill: “Tá sé mar bhunaidhm san Acht go mbeidh 20 faoin gcéad de na daoine earcaithe isteach sa stát-chóras agus sa seirbhís poiblí in ann Gaeilge a labhairt faoi mbliain 2030. Mar sin, beidh duine as cúigear do na daoine a earcófar le inniúlacht sa Ghaeilge. An jab atá ag an Choiste Comharlaíochta ná plean a leagan amach ar cén chaoi na daoine seo a earcú, cén inniúlacht Gaeilge atá ag teastáill agus cá mbeidh siad lonnaithe. An rud a dheirimse mar Choimisinéir Teanga ná go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil teangmháil leis an phobal ag na comhlachtaí poiblí is mó, gur ansin a bheadh daoine le Gaeilge á gcur. Tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine nuair a théann siad i dteangmháil leis an seirbhís poiblí, go bhfuil seirbhís Ghaeilge á chur ar fáil dóibh. Sílim gur sin bealach amháin, le bheith ag breathnú amach ó thaobh na ndaoine a bheidh á n-arcú isteach, go bhfuil siad á n-earcú isteach chuig comhlachtaí poiblí atá i dteangmháil leis an phobal.”

Muintir na Gaeltachta

Tháinig 27 faoin gcéad do na gearáin chuig an Choimisinéir i 2021 ó na ceantair Ghaeltachta, ardú ar an líon sin, agus ciallaíonn sé seo nach bhfuil muintir na gceantar sásta glacadh leis na seirbhísí Béarla a chuireann an Stát ar fáil. Tá sé mar phríomhaidhm san Acht gach seirbhís stáit a chur ar fáil as Gaeilge sna Gaeltachtaí. Deir Ó Dohmnaill, chomh maith leis an earnáil phoiblí, go bhfuil ar oifigigh pleanála teanga na háite, “nasc a chruthú leis an Stát agus go bhfeicfí go bhfuil na seirbhisí stáit atá á gcur ar fáil sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge freisin”.

Le gearchéim sa Ghaeltacht agus easpa seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, bíonn sé deacair ar dhaoine a bheith dearfach faoi thodhchaí na teanga agus na hoidhreachta. Agus an cómhra á chríochnú aige, deir Ó Domhnaill go bhfuil soláthar na seirbhísí mar chuid den réiteach, ach nach bhfuil sé mar fhreagra iomlán.

“Ní réiteach é seirbhísí stáit as Gaeilge leis na fadhbanna sin a bheith ar fáil ach an rud a dhéanfadh sé ná go dtabharfadh sé ceannaireacht agus go dtabharfadh sé teachtaireacht láidir do mhunitir na Gaeltachta go bhfuil an Stát ag aithint go bhfuil pobal sainiúil teanga sa Ghaeltacht. Caithfear cosaint a thabhairt don cheantar sin agus caitheadh an Stát a bheith sásta a rá go mbeidh aon sheirbhís Stáit a bheadh ar fáil sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge,” a deir sé. “Ba chóir an cheannaireacht a bheith ansin don phobal agus tá súil agam, leis an Acht nua, gur b’shin a tharlós. Caithfear a chinntiú go dtabharfar feidhm don Acht chomh luath is gur féidir agus go mbeidh a ndóthain daoine á n-earcú isteach ar leibhéal náisiúnta sa chóras tríd an phlean earcaíochta chun seirbhisí trí Ghaeilge a chur ar fáil sna háiteanna ba mhó atá siad ag teastáil.”

Show More
Back to top button